Megami Tensei

Megami Tensei

Cineálsraith físchluichí Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arDigital Devil Story (en) Aistrigh
Seánrafíschluiche rólimeartha agus físchluiche cibearphunc
Saintréithe teicniúla
ArdánGame Boy (en) Aistrigh, MSX, Nintendo DS, Sony PlayStation, PlayStation 2, PlayStation Portable (en) Aistrigh, Super Nintendo Entertainment System (en) Aistrigh, Nintendo 3DS, TurboGrafx-16 agus Nintendo Switch
Foireann
Forbróir(í)Atlus
EagarthóirNamco
Atlus
Sega Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
Láithreán Gréasáinshin-megamitensei.jp (an tSeapáinis) Cuir in eagar ar Wikidata
CA. SubredditMegaten Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: megaten_atlus Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith chluiche ríomhaire Sheapánach déanta ag Atlus é Megami Tensei (女神転生 "Athionchollú an Bhandé"). Megaten go gairid. Tosaíodh an branda sa tSeapáin sa mbliain 1987 leis an gcluiche Digital Devil Story: Megami Tensei. Tá carn fo-shraitheanna foilsithe ag Atlus agus Sega fé bhranda Megami Tensei, dírithe ar chluichí rólimeartha.

Bhí an tsraith bunaithe ar dtús ar Digital Devil Story, sraith ficsean eolaíochta scríobhtha le Aya Nishitani, agus tagann ainm na sraithe ó fhotheideal an chéad leabhair. Is iontrálacha neamhspleácha iad formhór na gcluichí, lena gcuid scéalta agus carachtair fhéin. I measc na n-eilimintí athfhillteacha tá téamaí plota, críocha difriúla bunaithe ar roghanna an imreora, agus créatúir (deamhain, Persona) ag troid agus ag cuidiú leis an imreoir i gcath. Baintear úsáid as gnéithe fealsúnachta, reiligiúin, asarlaíochta agus ficsean eolaíochta sa tsraith.

Cé nach bhfuil an clú céanna mar atá ar Final Fantasy agus Dragon Quest air, tá an-tóir air sa tSeapáin agus sa domhain Eora-Mheiriceánach. Tá cáil tuillte ag an tsraith as a cuid ealaíonta, a himirt chrua, agus a ceol. Ach tá conspóid tarraingthe aici as ábhar aibí, téamaí dorcha, agus úsáid a bhaint as íomhánna reiligiúnacha. Foilsíodh manga, scannáin anime, agus sraitheanna teilifíse fé bhranda Megami Tensei leis.


From Wikipedia, the free encyclopedia · View on Wikipedia

Developed by Nelliwinne